Fado (Remastered in 2004)
Landmarks
歌手:Clannad
专辑:《Landmarks》

Anois i dtús an fhómhair
Is mé smaointiú siar
Ar an laethe aerach'i bhfad ó shoin'
S mé a' súgradh le mo mhian
Bhí áilneacht aoibhinn ar a h-aghaidh
Is sólás in a croí
Ba sin fadó a bhuachaill
Ba sin fadó, fadó
I ndúbhlaíocht an gheimhridh
A casadh orm í
Go h-éascaí stuama 's muid linn fhéin
Thug sí domhsa lámh
Ghoid mé póg on bhainbíon óg'
S thit mé léi i ngrá
Ba sin fadó a bhuachaill
Ba sin fadó, fadó
A bhuachaill óig
I bhfad sul a bhfaca tusa 'n lá
A bhuachaill óig
I bhfad sul a bhfaca tusa 'n lá
Nar dheas dá dtiochfadh an trá sin
Ar seal beag liom arísÓ bhéarfainn dí gach uile ní'
S mo dhílseacht léi go bráth
Tá'n saol seo cruaidh, tá'n saol seo corr
Tig scamall ar an ghrian
Ba deas fadó a bhuachaill
Ba deas fadó, fadó
A bhuachaill óig
I bhfad sul a bhfaca tusa 'n lá...
更多>> Clannad的热门歌曲