Rug Muire Mac Do Dhia Rug Muire Mac do Dhia Íosa Críost, Triath na Reann Maireann dá éis ina hóigh An bhean is dóigh do gach dall. Buime is Máthair Mhic Dé Bhí Bean mar í ní fhaca súil Bean ler oscladh flaitheas Dé Do mholfas mé os gach dúil. Ní cosúil í le mnáibh Muire Mhór an bláth nach críon Ní cosúil balsam le moirt Le lionn goirt ní cosúil fíon.